Cathair mhór mheitreapholaiteach ar Oileán Thuaidh Aotearoa is ea Tāmaki Makaurau. Tá daonra uirbeach de thart ar 1,478,800 ann.Tá sí suite san mór-Réigiún Tāmaki Makaurau, an limistéar atá á rialú ag Te Kaunihera o Tāmaki Makaurau, a chuimsíonn ceantair thuaithe imeallacha agus mhurascaill Tīkapa Moana, agus a bhfuil daonra iomlán de 1,739,300 ann ó mhí an Mheithimh 2023. Is í an chathair is mó daonra sa tír agus an cúigiú cathair is mó san Aigéine.