Stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea New Hampshire, atá suite i Sasana Nua, i dtuaisceart na tíre. Ainmníodh New Hampshire as Hampshire, an contae i ndeisceart Shasana. Is é Concord an phríomhchathair, agus Manchester an chathair is mó. Bhí New Hampshire ar an gcéad coilíneacht sna Meiricí, Theas nó Thuaidh, a d'fhógair a neamhspleáchas ó na cu…
Stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea New Hampshire, atá suite i Sasana Nua, i dtuaisceart na tíre. Ainmníodh New Hampshire as Hampshire, an contae i ndeisceart Shasana. Is é Concord an phríomhchathair, agus Manchester an chathair is mó. Bhí New Hampshire ar an gcéad coilíneacht sna Meiricí, Theas nó Thuaidh, a d'fhógair a neamhspleáchas ó na cumhachtaí Eorpacha. Tá teorainneacha ag New Hampshire le Maine, Vermont, Massachusetts, agus cósta leis an Aigéan Atlantach. Tá teorainn aici freisin le Quebec i gCeanada.
Aintiún: Old New Hampshire
Mana: «Live Free or Die» (10 Bealtaine 1945)
Siombail oifigiúil: Rósghlasán corcra agus New Hampshire state tartan ⁽ᵉⁿ⁾