Is stát SAM é Massachusetts atá suite sa réigiún Sasana Nua in oirthuaisceart na tíre. Tá teorainneacha aici le New Hampshire agus le Vermont ó thuaidh, le Nua-Eabhrac ó thiar agus le Connecticut agus le Rhode Island ó theas. Is í Bostún príomhchathair an stáit. Sa bhliain 2017, bhí 6,859,819 duine ina gcónaí i Massachusetts, an 15ú stát de réir da…
Is stát SAM é Massachusetts atá suite sa réigiún Sasana Nua in oirthuaisceart na tíre. Tá teorainneacha aici le New Hampshire agus le Vermont ó thuaidh, le Nua-Eabhrac ó thiar agus le Connecticut agus le Rhode Island ó theas. Is í Bostún príomhchathair an stáit. Sa bhliain 2017, bhí 6,859,819 duine ina gcónaí i Massachusetts, an 15ú stát de réir daonra. Is é an tríú stát sa tír de réir dlús daonra agus 324.1 duine sa chiliméadar cearnach.