Is tír thalamhiata atá suite i ndeisceart na hAfraice í Poblacht na Saimbia, nó an tSaimbia de ghnáth. Tá sí ag críochantaíocht le Poblacht Dhaonlathach an Chongó ó thuaidh, le hAngóla san iarthar, leis an mBotsuáin, leis an tSiombáib agus leis an bPoblacht Mhósaimbíc ó dheas, agus leis an Maláiv san oirthear. Tá teorainn leis an Tansáin san oirth…Is tír thalamhiata atá suite i ndeisceart na hAfraice í Poblacht na Saimbia, nó an tSaimbia de ghnáth. Tá sí ag críochantaíocht le Poblacht Dhaonlathach an Chongó ó thuaidh, le hAngóla san iarthar, leis an mBotsuáin, leis an tSiombáib agus leis an bPoblacht Mhósaimbíc ó dheas, agus leis an Maláiv san oirthear. Tá teorainn leis an Tansáin san oirthuaisceart. B'é Rhodesia Tuaisceartach an t-ainm a thugadh uirthi i ré riail an Ríocht Aontaithe. Tagann an t-ainm nua-aimseartha ón abhainn Zambezi. Is í Lusaka an phríomhchathair, agus an chathair is mó. Tá formhór an daonra bailithe timpeall na príomhchathrach i lár na tíre, chun deiscirt, nó i gCrios an Chopair, san iarthuaisceart.