pacific ocean

Is é an tAigéan Ciúin, nó an Ciúin-Aigéan, an mhuir is mó ar domhan. Clúdaíonn sé an tríú cuid de dhromchla an domhain, agus tá achar 179.7 milliún km² aige. Leathann sé 15,500 km ó Mhuir Bheiring san Artach go himeallacha reoite Mhuir Ross san Antartach. Tá a leithead is mó soir siar timpeall cúig ghrád ó thuaidh, áit a leathann sé mórthimpeall 19,800 k…
Is é an tAigéan Ciúin, nó an Ciúin-Aigéan, an mhuir is mó ar domhan. Clúdaíonn sé an tríú cuid de dhromchla an domhain, agus tá achar 179.7 milliún km² aige. Leathann sé 15,500 km ó Mhuir Bheiring san Artach go himeallacha reoite Mhuir Ross san Antartach. Tá a leithead is mó soir siar timpeall cúig ghrád ó thuaidh, áit a leathann sé mórthimpeall 19,800 km ón Indinéis go chois fharraige na Colóime. Meastar go minic gurb é Caolas Mhalacca an áit is faide siar san Aigéan Ciúin. Tá an áit is ísle ar dhromchla an domhain—an Trinse Máirianach—san Aigéan Ciúin.
  • Cineál: Aigéan
  • Cuid de: Aigéin an Domhain
  • Airde os cionn na farraige: 0 m
  • Doimhneacht ingearach: uasmhéid: 11,034 m · mód, meán, airmheán: 4,280 m
  • Toisí: 19,800 () km
  • Pointe is ísle: Duibheagán Challenger (−11,022 m )
  • Achar: 161,760,000 km²
Sonraí ó: ga.wikipedia.org