Síneann Long Island amach soir as cathair Nua-Eabhrac. Tá sé os cionn 170 km ar fhad, ach níl sé mórán thar 30 km ar leithead in aon chuid de. De ghnáth nuair a luaitear an t-ainm, fágtar Queens and Brooklyn ar lár, mar go bhfuilid i gNua-Eabhrac, cé gur chuid den oileán iadsan maidir le tíreolaíocht.